SlideShare une entreprise Scribd logo
1  sur  2
Télécharger pour lire hors ligne
Ceisteanna a ardaíodh faoin BT Ardteiste
1. Cá bhfuil an buneolas faoin scrúdú ar fáil?
Tá an buneolas le fáil in Imlitir S.90/10 a eisíodh chuig na scoileanna. Tá an t-eolas le fáil
freisin ar www.education.ie agus www.examinations.ie
2. Cá fhad an scrúdú?
Maireann an scrúdú GL/AL15 nóiméad. Maireann an scrúdú BL 8-10 nóiméad.
3. Cé mhéad leibhéal scrúdaithe atá ann?
Tá dhá leibhéal ann – (a) Bonnleibhéal;(b) Gnáth/Ard
4. Cad iad na míreanna sa scrúdú Gnáth/Ard?
Tá ceithre mhír sa scrúdú cainte. (a)Fáiltiú; (b) Léamh na Filíochta; (c) Cur síos ar shraith
pictiúr; (d) Comhrá/Agallamh
5. An bhfuil solúbthacht ama ann ó mhír go mír?
Beifear ag súil leis go leanfar an treoir maidir le dáileadh an ama ar an ceithre mhír mara
tá leagtha síos in Imlitir S.90/10. Ní bheidh sos ann ó mhír go mír. Nuair atá an t-
iarrthóir críochnaithe le mír amháin bogfar ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile.
6. An mbeidh dlúthdhiosca samplach ann?
Ní bheidh.
7. An mbeidh cead ag scoláirí sonraí do mhír 1 ( Fáiltiú) a bheith scríofa síos?
Níl cead ach an Scrúduimhir a bheith scríofa - i bhfigiúirí.
8. Cé a roghnóidh an dán agus na véarsaí don léitheoireacht?
Roghnóidh an scrúdaitheoir an dán agus na véarsaí.
9. An mbeidh am ullmhúcháin do léamh na filíochta?
Ní bheidh.
10. An gcaithfidh an t-iarrthóir gach ceann de na véarsaí sna dánta ar an gcúrsa
comónta a ullmhú don bhéaltriail?
Caithfidh an t-iarrthóir gach véarsa sna dánta ar an gcúrsa ainmnithe a ullmhú don
bhéaltriail ach lá an scrúdaithe beidh líon áirithe véarsaí le léamh de réir Imlitreach
S.90/10: Géibheann (an dán go léir); Colscaradh (an dán go léir); Mo Ghrá-sa
(Idir Lúibíní) (trí véarsa ar bith); An tEarrach Thiar (dhá véarsa ar bith as a chéile); An
Spailpín Fánach (dhá véarsa ar bith as a chéile). Meabhraítear do na múinteoirí agus do
na hiarrthóirí go bhfuil staidéar le déanamh ar na véarsaí uile sna dánta thuas luaite agus
go mbeidh na véarsaí uile san áireamh sa Bhéaltriail agus sa scrúdú scríofa
11. Cé mhéad sraith pictiúr atá ann?
Tá 20 sraith pictiúr ann.
12. An mbeidh na pictiúir mar an gcéanna ó bhliain go bliain?
Ní bheidh. Eiseofar cinn nua i bhFómhar na 5ú bliana gach bliain do scrúduithe 2013 &
2014. Foilseofar 20 sraith pictiúr don scrúdú 2013 díreach i ndiaidh bhriseadh lár-
théarma na Samhna 2011.
13. An ndéanfar an mharcáil as marc iomlán (80) nó an mbeidh marcanna ag dul do
gach pictiúr?
Déanfar an mharcáil ar iarracht an iarrthóra dul i ngleic leis na pictiúir mar aonad.
Brisfear na marcanna síos mar déanfar measúnú ar iarracht iomlán an iarrthóra mar seo
leanas: Cumas Cumarsáide 50 marc (Stór Focal/ Líofacht/Cumarsáid). Cumas Teanga
20 marc (Foghraíocht/Cruinneas). Ceisteanna a chur agus a fhreagairt 10 marc.
14. Cé a roghnóidh an tsraith pictiúr sa scrúdú?
Roghnóidh an scrúdaitheoir an tsraith pictiúr go randamach.
15. An mbeidh am ullmhúcháin?
Beidh tamall ullmhúcháin, thart ar 30 soicind, - agus cinnte gan níos mó ná nóiméad -
ag an iarrthóir sula ndéanann sé cur síos ar an tsraith pictúr.
16.Cén aimsir ina mbeidh an cur síos?
Is é rogha an iarrthóra é. Glacfar le cur síos san Aimsir Láithreach nó san Aimsir Chaite.
17. Cén pearsa ina mbeidh an cur síos?
Glacfar le cur síos sa chéad nó sa tríú pearsa.
18. Cathain a chuirfear na ceisteanna?
Déanfar an cur síos ar an tsraith pictiúr ar dtús agus ansin cuirfear na ceisteanna.
19. Cé mhéad ceist a chaithfear a chur?
Caithfidh an t-iarrthóir 3 cheist a chur ar an scrúdaitheoir agus cuirfidh an scrúdaitheoir 3
cheist ar an iarrthóir.
20. Cé a chuirfidh na ceisteanna ar dtús?
Cuirfidh an t-iarrthóir na ceisteanna ar dtús.
21. An mbeidh marcanna ag dul do na ceisteanna?
Beidh 10 marc ag dul do na ceisteanna.
22. Cén sórt ceisteanna a chuirfidh an t-iarrthóir?
Caithfidh na ceisteanna a bheith bunaithe ar an tsraith pictiúr.
23. An mbeidh cead ag an scrúdaitheoir an comhrá a leathnú amach ó na pictiúir?
Ní bheidh. Caithfidh na ceisteanna agus aon idirghníomhaíocht eile sa chuid seo a bheith
bunaithe ar an tsraith pictiúr. Is bloc ar leith cumarsáide gach aon chuid den scrúdú.
Féach ar na pictiúir a bhaineann leis an déagóirí cróga mar shampla. Fiú dá rithfeadh sé
leis an iarrthóir nó leis an scrúdaitheoir tosú ag caint/ag cur ceisteanna faoi athruithe san
aimsir, tuillte a bheith níos comónta in Éirinn, athruithe ar na séasúir le déanaí, an téamh
domhanda, is é an cur síos cumarsáideach ar na pictiúir laistigh den am an príomhrud
atá le déanamh anseo. Más mian leis an iarrthóir, agus má bhíonn an t-am aige, níl a bhac
air ábhar breise bainteach leis na pictiúir a tharraingt isteach sa chur síos. Ní bheidh
cead ag an scrúdaitheoir imeacht ón spreagthach (na pictiúir) sa chuid seo. Is féidir
ábhar seachtrach mar atá díreach luaite a ardú/a phlé sa chuid dheiridh den scrúdú, an
comhrá.
22. Cé mhéad abairt atá ag teastáil do gach pictiúr?
Thart ar 2 iarracht chumarsáide/cheapadóireachta ag cur síos ar gach pictiúr atá ag
teastáil chun grád D a ghnothú sa chuid seo den scrúdú. Cuirfear an córas marcála i
bhfeidhm ar iarracht an iarrthóra.
23. Cad faoi iarrthóir a bhfuil ‘oiriúntas réasúnta’ aige/aici?
Nil aon athrú ó aon bhliain eile ar na socruithe a bhainean le hoiriúntas réasúnta. Má tá
rud éigin i scríbhinn ag an scoláire le taispeáint don scrúdaitheoir ní iarrfar ar an iarrthóir
léamh mura dteastaíonn uaidh. Ní iarrfar orthu léamh muna bhfuil siad ábalta. Ach má
theastaíonn uathu an fhilíocht a léamh beidh cead acu. Mar is gnáth rachaidh an
scrúdaitheoir i dteagmháil le húdarás na scoile roimh an scrúdú chun oiriúntas réasúnta
dá leithéad a fhiosrú.

Contenu connexe

Plus de Martin Brown

Worksheet evaluating a website
Worksheet evaluating a websiteWorksheet evaluating a website
Worksheet evaluating a websiteMartin Brown
 
Reading corner guidelines
Reading corner guidelinesReading corner guidelines
Reading corner guidelinesMartin Brown
 
Jcsp library project Reading promotion - 10 great opening lines
Jcsp library project  Reading promotion - 10 great opening linesJcsp library project  Reading promotion - 10 great opening lines
Jcsp library project Reading promotion - 10 great opening linesMartin Brown
 
Jcsp library project Reading promotion - 10 great halloween reads - poster
Jcsp library project  Reading promotion - 10 great halloween reads  - posterJcsp library project  Reading promotion - 10 great halloween reads  - poster
Jcsp library project Reading promotion - 10 great halloween reads - posterMartin Brown
 
A READING SPACE IN EVERY SCHOOL
A READING SPACE IN EVERY SCHOOLA READING SPACE IN EVERY SCHOOL
A READING SPACE IN EVERY SCHOOLMartin Brown
 
An ghaeilgesanidirbhliain2013
An ghaeilgesanidirbhliain2013An ghaeilgesanidirbhliain2013
An ghaeilgesanidirbhliain2013Martin Brown
 
Fís úr do mhúineadh na scannánaíochta
Fís úr do mhúineadh na scannánaíochtaFís úr do mhúineadh na scannánaíochta
Fís úr do mhúineadh na scannánaíochtaMartin Brown
 
Ceardlann ghramadaí eanáir2014
Ceardlann ghramadaí   eanáir2014Ceardlann ghramadaí   eanáir2014
Ceardlann ghramadaí eanáir2014Martin Brown
 
Scríbhneoireacht2014
Scríbhneoireacht2014Scríbhneoireacht2014
Scríbhneoireacht2014Martin Brown
 
Léitheoireacht2014
Léitheoireacht2014Léitheoireacht2014
Léitheoireacht2014Martin Brown
 
Ag cothúnahéisteachta2013
Ag cothúnahéisteachta2013Ag cothúnahéisteachta2013
Ag cothúnahéisteachta2013Martin Brown
 
Ceardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilge
Ceardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilgeCeardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilge
Ceardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilgeMartin Brown
 
S71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cd
S71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cdS71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cd
S71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cdMartin Brown
 
S 90 10_béaltriail
S 90 10_béaltriailS 90 10_béaltriail
S 90 10_béaltriailMartin Brown
 
Creat na bpriomhscileanna_torthai_foghlama
Creat na bpriomhscileanna_torthai_foghlamaCreat na bpriomhscileanna_torthai_foghlama
Creat na bpriomhscileanna_torthai_foghlamaMartin Brown
 

Plus de Martin Brown (20)

Campus map
Campus mapCampus map
Campus map
 
Worksheet evaluating a website
Worksheet evaluating a websiteWorksheet evaluating a website
Worksheet evaluating a website
 
Reading corner guidelines
Reading corner guidelinesReading corner guidelines
Reading corner guidelines
 
Jcsp library project Reading promotion - 10 great opening lines
Jcsp library project  Reading promotion - 10 great opening linesJcsp library project  Reading promotion - 10 great opening lines
Jcsp library project Reading promotion - 10 great opening lines
 
Jcsp library project Reading promotion - 10 great halloween reads - poster
Jcsp library project  Reading promotion - 10 great halloween reads  - posterJcsp library project  Reading promotion - 10 great halloween reads  - poster
Jcsp library project Reading promotion - 10 great halloween reads - poster
 
A READING SPACE IN EVERY SCHOOL
A READING SPACE IN EVERY SCHOOLA READING SPACE IN EVERY SCHOOL
A READING SPACE IN EVERY SCHOOL
 
An ghaeilgesanidirbhliain2013
An ghaeilgesanidirbhliain2013An ghaeilgesanidirbhliain2013
An ghaeilgesanidirbhliain2013
 
Fís úr do mhúineadh na scannánaíochta
Fís úr do mhúineadh na scannánaíochtaFís úr do mhúineadh na scannánaíochta
Fís úr do mhúineadh na scannánaíochta
 
Ceardlann ghramadaí eanáir2014
Ceardlann ghramadaí   eanáir2014Ceardlann ghramadaí   eanáir2014
Ceardlann ghramadaí eanáir2014
 
Scríbhneoireacht2014
Scríbhneoireacht2014Scríbhneoireacht2014
Scríbhneoireacht2014
 
Léitheoireacht2014
Léitheoireacht2014Léitheoireacht2014
Léitheoireacht2014
 
An labhairt 2013
An labhairt 2013An labhairt 2013
An labhairt 2013
 
Ag cothúnahéisteachta2013
Ag cothúnahéisteachta2013Ag cothúnahéisteachta2013
Ag cothúnahéisteachta2013
 
Ceardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilge
Ceardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilgeCeardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilge
Ceardlann ar an bpleanáil ábhair sa ghaeilge
 
S52 12 2012_ev
S52 12 2012_evS52 12 2012_ev
S52 12 2012_ev
 
S71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cd
S71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cdS71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cd
S71 11 lc-irish_2012_sample_papers_cd
 
S 90 10_béaltriail
S 90 10_béaltriailS 90 10_béaltriail
S 90 10_béaltriail
 
Imlitir 71 2010
Imlitir 71 2010Imlitir 71 2010
Imlitir 71 2010
 
Imlitir 20 2010
Imlitir 20 2010Imlitir 20 2010
Imlitir 20 2010
 
Creat na bpriomhscileanna_torthai_foghlama
Creat na bpriomhscileanna_torthai_foghlamaCreat na bpriomhscileanna_torthai_foghlama
Creat na bpriomhscileanna_torthai_foghlama
 

Ceisteanna a ardaiodh_faoin_bt_ardteiste_2012

  • 1. Ceisteanna a ardaíodh faoin BT Ardteiste 1. Cá bhfuil an buneolas faoin scrúdú ar fáil? Tá an buneolas le fáil in Imlitir S.90/10 a eisíodh chuig na scoileanna. Tá an t-eolas le fáil freisin ar www.education.ie agus www.examinations.ie 2. Cá fhad an scrúdú? Maireann an scrúdú GL/AL15 nóiméad. Maireann an scrúdú BL 8-10 nóiméad. 3. Cé mhéad leibhéal scrúdaithe atá ann? Tá dhá leibhéal ann – (a) Bonnleibhéal;(b) Gnáth/Ard 4. Cad iad na míreanna sa scrúdú Gnáth/Ard? Tá ceithre mhír sa scrúdú cainte. (a)Fáiltiú; (b) Léamh na Filíochta; (c) Cur síos ar shraith pictiúr; (d) Comhrá/Agallamh 5. An bhfuil solúbthacht ama ann ó mhír go mír? Beifear ag súil leis go leanfar an treoir maidir le dáileadh an ama ar an ceithre mhír mara tá leagtha síos in Imlitir S.90/10. Ní bheidh sos ann ó mhír go mír. Nuair atá an t- iarrthóir críochnaithe le mír amháin bogfar ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile. 6. An mbeidh dlúthdhiosca samplach ann? Ní bheidh. 7. An mbeidh cead ag scoláirí sonraí do mhír 1 ( Fáiltiú) a bheith scríofa síos? Níl cead ach an Scrúduimhir a bheith scríofa - i bhfigiúirí. 8. Cé a roghnóidh an dán agus na véarsaí don léitheoireacht? Roghnóidh an scrúdaitheoir an dán agus na véarsaí. 9. An mbeidh am ullmhúcháin do léamh na filíochta? Ní bheidh. 10. An gcaithfidh an t-iarrthóir gach ceann de na véarsaí sna dánta ar an gcúrsa comónta a ullmhú don bhéaltriail? Caithfidh an t-iarrthóir gach véarsa sna dánta ar an gcúrsa ainmnithe a ullmhú don bhéaltriail ach lá an scrúdaithe beidh líon áirithe véarsaí le léamh de réir Imlitreach S.90/10: Géibheann (an dán go léir); Colscaradh (an dán go léir); Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní) (trí véarsa ar bith); An tEarrach Thiar (dhá véarsa ar bith as a chéile); An Spailpín Fánach (dhá véarsa ar bith as a chéile). Meabhraítear do na múinteoirí agus do na hiarrthóirí go bhfuil staidéar le déanamh ar na véarsaí uile sna dánta thuas luaite agus go mbeidh na véarsaí uile san áireamh sa Bhéaltriail agus sa scrúdú scríofa 11. Cé mhéad sraith pictiúr atá ann? Tá 20 sraith pictiúr ann. 12. An mbeidh na pictiúir mar an gcéanna ó bhliain go bliain? Ní bheidh. Eiseofar cinn nua i bhFómhar na 5ú bliana gach bliain do scrúduithe 2013 & 2014. Foilseofar 20 sraith pictiúr don scrúdú 2013 díreach i ndiaidh bhriseadh lár- théarma na Samhna 2011. 13. An ndéanfar an mharcáil as marc iomlán (80) nó an mbeidh marcanna ag dul do gach pictiúr? Déanfar an mharcáil ar iarracht an iarrthóra dul i ngleic leis na pictiúir mar aonad. Brisfear na marcanna síos mar déanfar measúnú ar iarracht iomlán an iarrthóra mar seo leanas: Cumas Cumarsáide 50 marc (Stór Focal/ Líofacht/Cumarsáid). Cumas Teanga 20 marc (Foghraíocht/Cruinneas). Ceisteanna a chur agus a fhreagairt 10 marc.
  • 2. 14. Cé a roghnóidh an tsraith pictiúr sa scrúdú? Roghnóidh an scrúdaitheoir an tsraith pictiúr go randamach. 15. An mbeidh am ullmhúcháin? Beidh tamall ullmhúcháin, thart ar 30 soicind, - agus cinnte gan níos mó ná nóiméad - ag an iarrthóir sula ndéanann sé cur síos ar an tsraith pictúr. 16.Cén aimsir ina mbeidh an cur síos? Is é rogha an iarrthóra é. Glacfar le cur síos san Aimsir Láithreach nó san Aimsir Chaite. 17. Cén pearsa ina mbeidh an cur síos? Glacfar le cur síos sa chéad nó sa tríú pearsa. 18. Cathain a chuirfear na ceisteanna? Déanfar an cur síos ar an tsraith pictiúr ar dtús agus ansin cuirfear na ceisteanna. 19. Cé mhéad ceist a chaithfear a chur? Caithfidh an t-iarrthóir 3 cheist a chur ar an scrúdaitheoir agus cuirfidh an scrúdaitheoir 3 cheist ar an iarrthóir. 20. Cé a chuirfidh na ceisteanna ar dtús? Cuirfidh an t-iarrthóir na ceisteanna ar dtús. 21. An mbeidh marcanna ag dul do na ceisteanna? Beidh 10 marc ag dul do na ceisteanna. 22. Cén sórt ceisteanna a chuirfidh an t-iarrthóir? Caithfidh na ceisteanna a bheith bunaithe ar an tsraith pictiúr. 23. An mbeidh cead ag an scrúdaitheoir an comhrá a leathnú amach ó na pictiúir? Ní bheidh. Caithfidh na ceisteanna agus aon idirghníomhaíocht eile sa chuid seo a bheith bunaithe ar an tsraith pictiúr. Is bloc ar leith cumarsáide gach aon chuid den scrúdú. Féach ar na pictiúir a bhaineann leis an déagóirí cróga mar shampla. Fiú dá rithfeadh sé leis an iarrthóir nó leis an scrúdaitheoir tosú ag caint/ag cur ceisteanna faoi athruithe san aimsir, tuillte a bheith níos comónta in Éirinn, athruithe ar na séasúir le déanaí, an téamh domhanda, is é an cur síos cumarsáideach ar na pictiúir laistigh den am an príomhrud atá le déanamh anseo. Más mian leis an iarrthóir, agus má bhíonn an t-am aige, níl a bhac air ábhar breise bainteach leis na pictiúir a tharraingt isteach sa chur síos. Ní bheidh cead ag an scrúdaitheoir imeacht ón spreagthach (na pictiúir) sa chuid seo. Is féidir ábhar seachtrach mar atá díreach luaite a ardú/a phlé sa chuid dheiridh den scrúdú, an comhrá. 22. Cé mhéad abairt atá ag teastáil do gach pictiúr? Thart ar 2 iarracht chumarsáide/cheapadóireachta ag cur síos ar gach pictiúr atá ag teastáil chun grád D a ghnothú sa chuid seo den scrúdú. Cuirfear an córas marcála i bhfeidhm ar iarracht an iarrthóra. 23. Cad faoi iarrthóir a bhfuil ‘oiriúntas réasúnta’ aige/aici? Nil aon athrú ó aon bhliain eile ar na socruithe a bhainean le hoiriúntas réasúnta. Má tá rud éigin i scríbhinn ag an scoláire le taispeáint don scrúdaitheoir ní iarrfar ar an iarrthóir léamh mura dteastaíonn uaidh. Ní iarrfar orthu léamh muna bhfuil siad ábalta. Ach má theastaíonn uathu an fhilíocht a léamh beidh cead acu. Mar is gnáth rachaidh an scrúdaitheoir i dteagmháil le húdarás na scoile roimh an scrúdú chun oiriúntas réasúnta dá leithéad a fhiosrú.