7. Níor fhéad Bríd aon rud a ithe ach amháin bainne
ó bhó na gcluas dearg a bhí tugtha di ag Draoi
8. Lá amháin bhí Broicseach, máthair Bhríde
amuigh ina carbad nuair thug sí faoi deara go
raibh sí ar tí páiste a bhreith…
9. Léim Broicseach dá carbad agus rith sí ar luas
lasrach i dtreo a tí féin chun a páiste a bhreith..
10. …ach sular éirigh léi dul isteach sa teach,
rugadh a leanbh, Bríd, ar tháirseach an tí….
11. Ciallaíonn sin go mbeadh baint ag Bríd le
saol na críostaíochta (i. an teach/ séipéal) agus le
saol na págántachta (i. an nádúr/ dúlra).
12. Tá a lán scéalta faoi Bhríd ó aimsir na Críostaíochta..
De réir traidisiúin, chuaigh Bríd ar lorg píosa talún ó
Rí Laighean i gcontae Chill Dara mar theastaigh
uaithi clochar a thógáil.
13. Dúirt an an taoiseach léi a clóca a chur síos agus
bheadh cead aici aon talamh a bhí clúdaithe ag a
clóca a thógáil dá clochar.
Chuir Bríd a clóca síos ar an talamh...
14. Thosaigh an clóca ag fás agus ag fás agus tháinig
eagla ar an Rí …faoi dheireadh dúirt sé le Bríd a
raibh uaithi den talamh a thógáil dá clochar…
15. Is cinnte gur scéal fáthchiallach
é seo agus gurb ionann fás a
clóca agus fás an chreidimh sa
tír buíochas dá obair ar son Dé.
fás an chlóca = fás líon na gcreidmheach
17. Chuala sí go raibh amhais fhíochmhara
ag ionsaí faoi shráidbhailte Laighean.
18. Théadh Naomh Bríd go dtí na sráidbhailte a bhíodh
faoi ionsaí agus deireadh sí paidreacha ar son na
bpáistí uile.
Ár n-athair atá ar neamh
go naofar d’ainm, go
dtaga do ríocht…
19. Tharla míorúilt. Fad is a bhíodh a paidreacha a rá ag Bríd ní
bheadh na páistí le feiceáil. Ní stopadh Bríd lena paidreacha
go dtí go mbíodh na hamhais go léir imithe. Sa tslí seo
shábháladh sí na páistí óga ón bhás.
Ár n-athair atá ar neamh
go naofar d’ainm, go
dtaga do ríocht…
20. Tá a lán scéalta draíochta maidir le Bríd…
..deirtear freisin go raibh sí ábalta an níochán a
chrochadh suas ar an tuar ceatha…
21. ..deirtear go raibh sí in ann labhairt leis na
hainmhithe allta…
Bail ó
Dhia ort!
Gurab amhlaidh
duit, a Bhríd!
22. ..fiú nuair nach raibh aon bhia sa teach bhí sé
ar a cumas bord breá leis an mbéile ba bhlasta
a chur ar fáil i gcomhair cuairteoirí…
23. ..agus tá creideamh fós ann i mbailte
áirithe faoin tuath dá bhfágfaí éadach
nua gan smál amuigh ar sceach an
oíche roimh lá Fhéile Bríde…
25. …go dtaispeánfaidh an t-éadach cumhachtaí draíochta a
oibreoidh ar feadh na bliana agus a bhronnfaidh sláinte,
saibhreas mar aon le saol sona ar an teaghlach go léir…